Oiliúint Microsoft 365 as Gaeilge
Déan do Microsoft 365 a optamú go hiomlán - trí Ghaeilge
Seirbhísí oiliúna saineolach do eagraíochtaí a oibríonn trí Ghaeilge. Cuireann Diarmaid oiliúint chuimsitheach ar fáil ar Microsoft 365, ó SharePoint go Power Automate, chun do fhoireann a chumasú agus do shreafaí oibre a fheabhsú.
Na Seirbhísí a Chuirim ar Fáil
Oiliúint Fhoirne & Ceardlanna
Seisiúin oiliúna idirghníomhacha do ghrúpaí
Ceardlanna saincheaptha do na huirlisí a úsáideann sibh is mó
Oiliúint ar an láthair* nó ar líne - tá an rogha agaibh
Seisiúin 1:1
Tacaíocht phearsanta do bhaill foirne
Oiliúint dírithe ar riachtanais an duine aonair
Cabhair le fadhbanna sonracha Microsoft 365
Comhairle Straitéiseach
Anailís ar úsáid reatha Microsoft 365
Moltaí chun éifeachtúlacht a fheabhsú
Plean gníomhaíochta soiléir
Ábhar Oideachais Inmheánach
Treoracha céim ar chéim as Gaeilge
Físeáin oiliúna saincheaptha
Acmhainní leanúnacha do bhur bhfoireann.
Na hUirlisí MS65 a Chlúdaím
Sharepoint
OneDrive
Teams
PowerAutomate
Planner
CoPilot
Bookings
Forms
Lists
One Note
Clipchamp/Stream
Whiteboard
Cad a Bhainfidh Sibh Amach?
-
Déanfaidh bhur bhfoireann níos mó i bhfad níos lú ama nuair a thuigfidh siad conas na huirlisí cearta a úsáid don obair cheart.
-
Oibreoidh bhur bhfoireann níos éifeachtaí le chéile le tuiscint níos fearr ar Teams, SharePoint agus na huirlisí comhroinnte eile.
-
Laghdóidh Power Automate an t-am a chaitear ar thascanna rialta, ag ligean do bhur bhfoireann díriú ar an obair thábhachtach.
-
Foghlaimeoidh sibh conas Copilot a úsáid go freagrach chun bhur gcuid oibre a fheabhsú gan slándáil a chur i mbaol.